Ceann Foirne An Tseachadta Theicniúil / Technical Delivery Lead – Engineering And Asset Management

Ceann Foirne An Tseachadta Theicniúil / Technical Delivery Lead – Engineering And Asset Management
Company:

Eirgrid Plc


Details of the offer

Ceann Foirne an tSeachadta Theicniúil / Technical Delivery Lead – Engineering and Asset Management (E2024202)Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Tá muid dírithe ar chúrsaí sábháilteachta, slándála agus iontaofachta. Oibríonn muid i dtimpeallacht dhúshlánach, chomhoibríoch, foirne ina ngluaiseann rudaí go sciobtha. Tá cúltúr ardfheidhmíochta, eolasach agus bunaithe ar fhorbairt leanúnach san fhoireann. Agus níl ansin ach an tús. Tá muid anois ag tabhairt faoi chlaochlú an chórais chumhachta do na glúnta inár ndiaidh.

An Deis
Tá deis spreagúil ar fáil anois mar chuid den Fhoireann Innealtóireachta agus Bainistíochta Sócmhainní (I&BS) do dhuine teicniúil, acmhainneach agus dírithe ar chustaiméirí chun próisis a mhaoirsiú agus a bhainistiú ar mhaithe le tionscnaimh sócmhainní bonneagair tarchuir ardvóltais ar an gcladach a sheachadadh.

Mar Cheann Foirne an tSeachadta Theicniúil, beidh tú freagrach as a chinntiú go bhfuil próisis láidre in áit agus go leantar iad chun ráthú caighdeáin a chur ar fáil do thionscnaimh Tarchuir le linn gach céime den tionscnamh. Stiúrfaidh tú I&BS trí iniúchtaí d'Innealtóireacht Chliant, ag obair go dlúth le hiniúchóirí inmheánacha agus seachtracha.

Beidh muid ag brath ortsa chun maoirseacht a dhéanamh ar an gcóras caighdeáin agus ar an ráthú caighdeáin d'Innealtóirí Cliant a chomhlíonann feidhm innealtóireachta na gcliant don bhonneagar ar an gcladach.

Beifear ag súil go mbeidh saineolas suntasach agat ar theicneolaíocht Ardvóltais, lena n-áirítear Sreang Lasnairde, cáblaí agus fostáisiúin. Beidh d'ionchur fíorthábhachtach le cinntiú go gcuirtear tionscnaimh i gcrích go héifeachtúil agus chun caighdeáin tarchuir agus ar bhealach a chuirfidh ar ár gcumas anseo in Éirinn na spriocanna inbhuanaitheachta do 2030 a bhaint amach. Beifear ag súil go n-oibreoidh tú go dlúth le Ceann Foirne na hInnealtóireachta ar an gCladach, leis an gCeann Foirne Údaráis Theicniúil agus le Ceann Foirne na hInnealtóireachta amach ón gCósta.

An Fhoireann
Tá an Oifig Bhonneagair in EirGrid comhdhéanta de dhaoine gairmiúla ardsciliúla le cúlraí innealtóireachta agus gnó/trádála. Tógann an Oifig Bhonneagair ceannasaíocht ar fhorbairt agus ar sheachadadh an chórais chumhachta agus na gclár infheistíochta idirnasctha, i gcomhar le páirtithe, le custaiméirí agus le pobail.

Tá an Fheidhm Innealtóireachta & Bainistíochta Sócmhainní freagrach as ceithre phríomhról; bainistíocht sócmhainní, údarás teicniúil, innealtóireacht ar an gcladach agus innealtóireacht amach ón gcósta. Tá an Fhoireann Údaráis Theicniúil freagrach as slánchúis na bpróiseas agus as nósanna imeachta Innealtóireachta le cinntiú go seachadtar tionscnaimh I&BS de réir riachtanais TSO EirGrid.

Fút Féin
Beidh na scileanna agus an taithí seo a leanas ag an iarrthóir rathúil:

Céim san innealtóireacht i réimse ábhartha agus sainoiliúint i mbainistíocht cahaighdeán nó cáilíocht chomhchosúil.Mar is dual, 10 + mbliana de thaithí ábhartha tar éis bhaint amach na cáilíochta.Bainisteoir caighdeán le taithí agus le cur chuige teagmhálach; breathnófar ar thaithí mar (phríomh) iniúchóir mar bhuntáiste.Eolas maith teicniúil ar dhearadh tarchuir ardvóltais le mioneolas ar an teicneolaíocht tarchuir (cáblaí ardvóltais, fostáisiúin, agus Sreang Lasnairde), lena n-áirítear teicneolaíochtaí atá nua agus ag teacht chun cinn.Eolas domhain ar ISO 9001.Sárscileanna cumarsáide le béim ar scríobh tuairiscí ar ardchaighdeán agus in ann cumarsáid shoiléir agus éifeachtach a dhéanamh faoi úla.In ann daoine eile a threorú agus a mhealladh i dtreo comhfhíse nó comhsprice agus in ann comhoibriú le daoine eile agus tríothu.Taithí chruthaithe ar fhoirne ardfheidhmiúla a stiúradh, agus in ann daoine eile a spreagadh chun spriocanna gnó a bhaint amach.Tuiscint láidir ar riachtanais páirtithe leasmhara agus earnála don chóras tarchuir agus d'fhorbairtí gaolmhara.In ann cóitseáil agus meantóireacht a dhéanamh ar an bhfoireann chun seirbhís innealtóireachta d'ardchaighdeán a sholáthar. Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid

Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil. Ba bhreá linn scéala a fháil uait.

If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter. We want to hear from you.

Dáta deiridh d'iarratais/ Closing date for applications:
20/09/2024
Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid
EirGrid is an Equal Opportunities Employer
#J-18808-Ljbffr


Source: Jobleads

Job Function:

Requirements

Ceann Foirne An Tseachadta Theicniúil / Technical Delivery Lead – Engineering And Asset Management
Company:

Eirgrid Plc


Validation Engineer

Title: Validation EngineerRequisition ID: 66351 Date: Aug 16, 2024 Location: Dublin, Leinster, IE DESCRIPTION: At West, we're a dedicated team that is connec...


From West Pharmaceutical Services, Inc - County Dublin

Published a month ago

Automation Technician

Select how often (in days) to receive an alert: Requisition ID: 66382 Date: Aug 2, 2024 Location: Dublin, Leinster, IE Description: At West, we're a dedicate...


From West Pharmaceutical Services, Inc - County Dublin

Published a month ago

Senior Process Engineer

Title: Senior Process EngineerRequisition ID: 66764 Date: Aug 15, 2024 Location: Dublin, Leinster, IE Description: At West, we're a dedicated team that is co...


From West Pharmaceutical Services, Inc - County Dublin

Published a month ago

Tendering Engineer

Hitachi Energy has an exciting opportunity for a Tendering Engineer to support the Hitachi Energy Ireland Grid Integration Business, the role will report to ...


From Hitachi Energy Ireland Limited - County Dublin

Published a month ago

Built at: 2024-09-22T12:25:00.186Z