Cuntasóir Caiteachais Chaipitil/ CAPEX Accountant (E2024198) Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann, agus tá Straitéis uaillmhianach Gnó forbartha againn chun freagairt do na hathruithe agus do na deiseanna atá ag teacht chun cinn anois níos mó ná riamh i dtionscadal an fhuinnimh. Is é an cuspóir atá againn an Córas Cumhachta a Chlaochlú do na Glúnta atá le Teacht agus tá sé mar phríomhsprioc againn a bheith inár gceannródaithe in Earnáil Leictreachais an Oileáin maidir le hInbhuanaitheacht agus Dícharbónú.
Cuir fuinneamh isteach i do ghairm agus bí linn ar ár n-aistear chun córas cumhachta na hÉireann a chlaochlú do na glúnta atá amach romhainn.
Cuspóir an Róil/ Job Purpose
Is ról lárnach é seo ar an bhfoireann Tuairiscithe Airgeadais. Cinntíonn an fhoireann go mbainistítear gach tuairisciú, buiséadú agus tuar, ráiteas agus iniúchadh ar ardchaighdeán agus go gcuirtear i gcrích é taobh istigh de sprioc shonrach ama.
Beidh réimse leathan freagrachtaí ar an gCuntasóir Caiteachais Chaipitil trasna na feidhme Tuairiscithe Airgeadais le fócas faoi leith ar thograí caipitil. Cuideoidh an ról seo le dúnadh deiridh míosa, le soláthar tuairiscí míosúla airgeadais do thograí caipitil, le tuairisciú caipitil tograí reatha don fhoireann ardbhainistíochta, le forbairt leanúnach na pleanála acmhainne fiontair (ERP) corparáidí agus le próisis airgeadais eile.
Is cuntasóir lán-cháilithe a bheidh san iarrthóir rathúil, le 2 bhliain ar a laghad de thaithí fostaíochta iar-cháilíochta, go hidéalach le taithí ar ról an chuntasóra caiteachais chaipitil.
Saineolas, Scileanna agus Taithí / Knowledge, Skills and Experience
Cuntasóir cáilithe (ACA, ACCA nó a gcomhchosúil) le 2 bhliain ar a laghad de thaithí fostaíochta iar-cháilíochta.
Taithí ar chuntasaíocht sócmhainní seasta.
Sárscileanna Microsoft Excel, PowerPoint agus Word.
Ardchaighdeáin chruinnis agus phointeáilteachta.
Sárscileanna cumarsáide scríofa agus ó bhéal.
Duine fuinniúil, paiseanta atá sásta dúshlán a thabhairt don status quo chun athrú a bhaint amach.
Sárscileanna idirphearsanta agus cumas cruthaithe comhoibre agus oibre éifeachtaí mar chud d'fhoireann.
Taithí ar úsáid ERP Corparáidí (Microsoft Dynamics go hidéalach).
Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil. Ba bhreá linn scéala a fháil uait. If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter. We want to hear from you. Dáta deiridh d'iarratais/ Closing date for applications
7th November 2024
Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid EirGrid is an Equal Opportunities Employer
#J-18808-Ljbffr