Innealtóir Ceannais Sinsearach – Méadrú Ioncaim/ Senior Lead Engineer - Revenue Metering

Details of the offer

Innealtóir Ceannais Sinsearach – Méadrú Ioncaim/ Senior Lead Engineer - Revenue Metering (E2025034)Is muidne na daoine taobh thiar d'eangach leictreachais na hÉireann.
Oibrímid an córas cumhachta le leibhéil de ghiniúint in-athnuaite athraitheach aisioncronach atá ar thús cadhnaíochta sa domhan, ag cinntiú go bhfuil cumhacht ag gach duine nuair a bhíonn sí de dhíth orthu.
Ní hamháin sin, ach tá an córas cumhachta á chlaochlú againn do na glúnta atá le teacht.

Agus níl ansin ach tús ár scéil.
Tá cuspóir ríthábhachtach againn.
Is é an cuspóir céanna ná an córas cumhachta a chlaochlú chun a chur ar chumas ár sochaí ár n-astaíochtaí carbóin a laghdú agus ár n-uaillmhianta maidir le hathrú aeráide agus neodracht carbóin a chomhlíonadh.

Bí mar chuid den chlaochlú!

An Deis

Tá Innealtóir Ceannais Sinsearach á lorg againn anois le bheith inár bhfoireann um Shláine an Chórais.
Mar Innealtóir Ceannais Sinsearach – Méadrú Ioncaim, tacóidh tú le feidhm Shláine an Chórais trína bheith i gceannas ar gach gné den Mhéadrú Ioncaim le haghaidh gineadóirí atá nasctha le tarchur agus suiteálacha fuinnimh in-athnuaite.

Déanfaidh tú bainistiú ar oibriú an Chórais um Bailiú Sonraí Méadair (MDMS), chomh maith leis na córais Bhailíochtaithe agus Ionadaithe.
Anuas orthu sin, beidh ort an Cód Méadraithe a bhainistiú chun comhlíonadh a fhorálacha a chinntiú.

Beimid ag brath ortsa le cuidiú le feidhm Shláine an Chórais a cuspóir foriomlán a bhaint amach, trí anailís a dhéanamh ar fhadhbanna teicniúla, réitigh, próisis agus modheolaíochtaí a mholadh, chomh maith le cuir i láthair agus tuarascálacha a ullmhú le haghaidh na rannpháirtíochta le príomhpháirtithe leasmhara.

An Fhoireann
Tá an Oifig um Oibríochtaí agus Bainistíocht Sócmhainní laistigh de EirGrid comhdhéanta de dhaoine gairmiúla ardoilte a bhfuil cúlra acu san innealtóireacht agus sa ghnó/tráchtáil.
Tá sé mar sprioc ag Éirinn 80% dár leictreachas a fháil ó acmhainní in-athnuaite faoi 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050.
Tá an Oifig um Oibríochtaí agus Bainistíocht Sócmhainní lárnach do sheachadadh ár bpríomhróil – oibriú, forbairt agus feabhsú an chórais cumhachta uile-oileáin agus an margadh mórdhíola leictreachais.

Tá feidhm Shláine an Chórais freagrach as pleanáil oibriúcháin ó 10 mbliana amach go dtí gar d'fhíor-am, cosaint agus méadrú an chórais cumhachta, éifeachtacht agus éifeachtúlacht a spreagadh, athrú claochlaitheach a leabú agus a chinntiú go seachadtar sainchúram lárnach Ghrúpa EirGrid.

Is deis iontach í seo do dhaoine aonair atá nuálach, dírithe ar réitigh agus spreagthale bheith páirteach inár bhfoireann agus ról lárnach a bheith acu san aistriú go todhchaí fuinnimh ísealcharbóin.

Fútsa
Beidh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a n-éireoidh leo:
Céim innealtóireachta nó a comhionann, le 6 bliana ar a laghad de thaithí iarcháilíochta.Cumas ceannaireacht a dhéanamh, tionscadail a bhainistiú agus freagracht a ghlacadh as tionscadail mhéadraithe.Eolas ar mhargaí mórdhíola cumhachta, socruithe margaidh sa Mhargadh Leictreachais Aonair, sa Bhreatain Mhór, sa Fhrainc agus i dtíortha Eorpacha eile, Cód Méadraithe, Suiteálacha Méadair, Cumarsáid Méadraithe agus Lárchórais Cheistiúcháin/bhailíochtaithe.Cumas daoine eile a threorú, áitiú orthu agus tionchar a imirt orthu trí scileanna cumarsáide agus taidhleoireachta.Sárscileanna eagrúcháin agus cuntas teiste láidir seachadtaCumas roghanna réitigh nuálacha a fhorbairt agus a sholáthar ar cheisteanna casta go pras.Féin-spreagtha, díograis agus an cumas nithe a bhaint amach i gcomhthéacs ina mbíonn riachtanais ag síorathrú.Sárscileanna idirphearsanta agus cumas cruthaithe chun oibriú go héifeachtúil mar chuid d'fhoireann, agus a bheith in ann a gcuid oibre féin a shainiú agus a threorú gan mórán maoirseachta.Scileanna maithe cumarsáide ó bhéal agus scríofa agus an cumas coincheapa teicniúla a chur in iúl do lucht éisteachta neamhtheicniúil. Dáta deiridh le haghaidh iarratas:
10/01/2024
Má chreideann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí agat a theastaíonn ón bpost seo, uaslódáil do CV agus litir chumhdaigh (in aon doiciméad amháin). Is Fostóir Comhdheiseanna é EirGrid
#J-18808-Ljbffr


Nominal Salary: To be agreed

Source: Jobleads

Job Function:

Requirements

Maintenance Technician

We're working with leading waste management company with a focus on sustainability and efficiency who offer services tailored to both residential and commerc...


The People Group - County Dublin

Published 13 days ago

Dublin Based Treasury Manager

This is an outstanding opportunity for someone who has a solid background in the financial services industry or corporate TREASURY MANAGEMENT . You will be j...


Debro Group Ltd. T/A Abl Recruitment - County Dublin

Published 13 days ago

Grid Delivery Engineer

Elgin Values Core behavioural responsibilities for all employees   Agility  We Lead with Agility   Integrity  We Act with Integrity Excellence  We Empower Ex...


Elgin Energy - County Dublin

Published 13 days ago

Rnid Required For Residential Id Setting Based In North Dublin

RNID required for Residential ID setting based in North Dublin RNID nurse needed for a fulltime line of work in a SMH residential unit, based in North Dublin...


Nurse On Call - County Dublin

Published 13 days ago

Built at: 2025-01-19T20:54:04.008Z